Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Tuairiscí Scoile

Léiríonn cleachtas éifeachtach tuairiscithe tuiscint ar fhéinmheas agus ar fholláine ghinearálta an scoláire agus cuireann sé aiseolas ionraic cuiditheach ar fáil. Tá sé de fhreagracht ar scoileanna a chinntiú gur féidir le gach scoláire, scoláirí ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais san áireamh, dul chun cinn a dhéanamh ina bhfoghlaim agus go dtuairiscítear an dul chun cinn sin go cuí. Den chuid is mó, baintear amach é sin trí chuir chuige foghlama agus teagaisc idirdhealaithe agus, i gcás an tuairiscithe, ba cheart go bhfeicfí dul chun cinn i dtreo spriocanna foghlama a shainaithint agus a phleanáil an scoláire, a thuismitheoirí, a mhúinteoirí agus gairmithe eile i réimse na riachtanas speisialta lena mbaineann. Ba cheart do scoileanna breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a sainaithníonn siad dul chun cinn gach scoláire, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu agus atá ag gnóthú ar a leibhéal cumais féin. Agus dul chun cinn agus gnóthachtáil an scoláire ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais á thuairisciú, ba cheart cúram ar leith a dhéanamh den tionchar a bheadh ar fhéinmheas agus spreagadh an scoláire trí shraith tuairisceoirí a úsáid chun an dul chun cinn a thuairisciú. Don scoláire seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh an scoil ag iarraidh a formáidí tuairiscithe a chur in oiriúint ionas go mbíonn an bhéim ar ráitis cháilíochtúla faoin dul chun cinn a dhéantar amháin. Mar a bheadh amhlaidh le gach scoláire, ba cheart go ndíreodh an próiseas tuairiscithe ar na ‘chéad chéimeanna eile’ don fhoghlaim agus deis ann, nuair is cuí, go dtabharfadh an scoláire agus an tuismitheoir tuairim faoin dul chun cinn a rinneadh.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.